Ollscoil na Gaillimhe:
Uachtarán

Partners
Ollscoil na Gaillimhe
Sector
Higher Education
Location
Gaillimh, Éire

Fáilte chuig Ollscoil na Gaillimhe


Focal Fáilte ón gCathaoirleach

Go raibh maith agat as spéis a léiriú sa ról mar Uachtarán ar Ollscoil na Gaillimhe. Is mór an onóir dom a bheith i mo Chathaoirleach ar Údarás na hOllscoile agus tá an-áthas orm a bheith i gceannas ar an bpróiseas chun an chéad Uachtarán eile a aimsiú.

Tá an-bhéim ar thaighde san Ollscoil, tá naisc againn ar fud na cruinne agus táimid tiomanta do bharr feabhais sa teagasc agus sa taighde. Tá pobal bríomhar 20,000 mac léinn, 3,000 comhalta foirne againn, mar aon le gréasán 130,000 alumnus ar fud na cruinne. Tá sí rangaithe i measc an 2% is fearr d’ollscoileanna an domhain agus i measc an 100 Ollscoil is fearr san Eoraip (QS). Chomh maith leis sin, tá sí ar an ollscoil is fearr in Éirinn don fhorbairt inbhuanaithe (THE).

Ní bhfaighidh tú sárú na Gaillimhe, cathair a bhfuil cáil uirthi ar fud an domhain mar mhol nuálaíochta, cultúir agus cruthaitheachta. Is í Gaillimh an t-aon chathair agus ollscoil in Éirinn a bhfuil stádas dátheangach aici agus is buntáiste ar leith í an Ghaeilge don cheantar seo. Mar Uachtarán, beidh caidreamh agat le páirtithe leasmhara ón gcathair agus ón réigiún, agus ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta beidh tú ag cur lenár raon feidhme, lenár gcáil agus lenár dtionchar.

Tá ár gcuid taighde ag teacht le saintréithe na háite, rud a chuireann lenár gcuid láidreachtaí taighde agus muid ag iarraidh a chinntiú go mbeidh fíorthionchar ag an taighde sin ar an saol. Tá Ollscoil na Gaillimhe ar cheann de shé mhol dhomhanda d’fhorbairt feistí leighis agus tá sí aitheanta as an gcomhpháirtíocht nuálaíoch atá aici le fada le hearnáil na dTeicneolaíochtaí Leighis i nGaillimh, áit a bhfuil naoi gcinn de na deich gcomhlacht teicneolaíochtaí leighis is fearr ar domhan lonnaithe.

Is ceannaire domhanda í Ollscoil na Gaillimhe sna healaíona cruthaitheacha, agus tá barr feabhais bainte amach aici i dtaighde a bhaineann leis an gcruthaitheacht agus an cultúr, na daonnachtaí, na heolaíochtaí sóisialta agus dlí chearta an duine, agus tá láidreachtaí taighde ildisciplínigh léirithe aici i dtaighde muirí agus comhshaoil.

Táim an-bhródúil as tiomantas na hOllscoile do chumas bunathraithe an ardoideachais, chomh maith lena tiomantas don chomhionannas, don éagsúlacht agus don chuimsiú (EDI), agus do rochtain a leathnú dóibh siúd a bhfuil an éirim agus an díograis acu is gá chun go n-éireoidh leo.

Táimid ag lorg duine ar leith a bhfuil fís shoiléir aige/aici chun an fhoireann a threorú, a spreagadh agus a chumasú le dul i bhfeidhm ar an domhan mór trí thaighde sainiúil, oideachas eisceachtúil agus eispéireas bunathraithe na mac léinn. Más spéis leat cabhrú linn ár misean a chomhlíonadh, ba bhreá linn cloisteáil uait.


An Dr Máire Geoghegan-Quinn
Cathaoirleach, Údarás na hOllscoile, Ollscoil na Gaillimhe

Ceapachán an Uachtaráin

Bróisiúr – Cur Síos Poist agus Sonraíocht Róil

Rangaithe

sa 2% is fearr

d’ollscoileanna an domhain

Mic léinn

20,000

as breis is 120 tír

Forbairt Inbhuanaithe

An chéad áit

in Éirinn & ar na 5 Ollscoil is Fearr san Eoraip

Ag comhoibriú le

5,300

institiúid in 181 tír

Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe


Tá Ollscoil na Gaillimhe ar an bhfód ó 1845 agus institiúid is ea í ina leagtar an-bhéim ar thaighde. Rangaítear i measc an 2% is fearr d’ollscoileanna ar domhan í. Tá ceithre choláiste ag an Ollscoil, 18 scoil agus sé institiúid taighde, agus tá beagnach 20,000 mac léinn i mbun staidéir inti, a n-áirítear leo breis agus 3,000 mac léinn idirnáisiúnta as 120 tír.

Is ollscoil dhátheangach í seo, tá campais againn ar chósta thiar agus thiar thuaidh an Atlantaigh, idir Coláiste na Sionna i gCo. an Chláir agus na hionaid teagaisc i nDún na nGall agus na hacadaimh leighis i gceithre chontae, na hionaid taighde lasmuigh den champas, agus an príomhchampas i gCathair na Gaillimhe – is cúis mhórtais dúinn gur ollscoil idirnáisiúnta muid atá fréamhaithe i réigiún lán brí agus fuinnimh ar chósta an Atlantaigh.

Tá ár bpríomhchampas atá lonnaithe i lár Chathair na Gaillimhe suite ar bhruach thiar Abhainn na Gaillimhe, agus airíonn mic léinn, comhaltaí foirne agus cuairteoirí go bhfuil an dúlra mórthimpeall orthu, cé go bhfuil siad buailte ar chathair spleodrach an chultúir in iarthar na hÉireann.

Tá áiseanna spóirt agus allamuigh den chéad scoth ar an gcampas, agus aithnítear é ar cheann de na tírdhreacha is bithéagsúla d’institiúid tríú leibhéal ar bith in Éirinn.

Tionchar Taighde Shainiúil


Tá an cumas ag gach fionnachtain, léargas, nuálaíocht agus comhpháirtíocht atá á gcothú againn tionchar dearfach a imirt ar an tsochaí, an geilleagar a láidriú agus dul chun leas an phláinéid. Tá tuiscint dhomhain againn ar dhúshláin dhomhanda, ar thosaíochtaí náisiúnta agus ar riachtanais an réigiúin, agus tugann an tuiscint sin treoir dár dtaighde idirdhisciplíneach, rud a fhágann go mbíonn tionchar leathan agus fónta aige.

Táimid i mbun comhoibrithe le comhpháirtithe ag an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus domhanda agus tá ár gcuid taighde ag tabhairt aghaidh ar mhórcheisteanna na linne i gcomhthéacs an taighde sin.

Oideachas don Todhchaí


Cinnteoimid go mbeidh an uaillmhian inár gcuid mac léinn a dtodhchaí agus a sochaí a mhúnlú, ag baint úsáid as an eolas, as an muinín agus as an gcruthaitheacht a fhorbraíonn siad trí oideachas sainiúil atá bunaithe ar thaighde agus eispéireas mac léinn-lárnach den scoth.

Cuireann oideachas den scoth bunús maith foghlama ar fáil dár mic léinn taobh istigh dá ndisciplín. De bhrí go múineann saineolaithe ábhair iad ar an gcaighdeán is airde, tá na huirlisí tugtha do na mic léinn chun a n-uaillmhianta a bhaint amach agus cur leis an tsochaí timpeall orthu.

Aithnímid an tráth seo mar thréimhse d’athrú tapa teicneolaíochta agus sóisialta. Tacóimid leis na mic léinn chun a gcuid eolais agus scileanna a fhorbairt, a shainiú agus a chur in iúl ionas go mbeidh siad réidh le dul chun cinn a dhéanamh i ndomhan casta agus seasamh amach i margadh fostaíochta domhanda atá thar a bheith iomaíoch.

Forbairt Inbhuanaithe


Rangaítear muid mar an ollscoil is fearr in Éirinn don fhorbairt inbhuanaithe i Ranguithe Tionchair Times Higher Education (THE) agus ní i mbarr feabhais sa teagasc agus san fhoghlaim amháin atá tionchar á imirt againn; tá curtha romhainn againn an domhan a athrú chun feabhais. I Ranguithe Tionchair THE, ina ndéantar measúnú ar an dul chun cinn atá déanta ag ollscoileanna maidir le 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe, rangaíodh muid sa 47ú háit ar domhan agus i measc na 5 ollscoil is fearr san Eoraip as ár dtiomantas don inbhuanaitheacht.

Mar Churadh SDG de chuid an rialtais agus mar cheannaire inbhuanaitheachta, tá timpeallacht foghlama á cur ar fáil againn ina dtugtar aire duitse agus don chruinne.

Acmhainní Úsáideacha

Rialachas
Struchtúr na hOllscoile
Taighde & Nuálaíocht
Comhghuaillíocht Ollscoileanna Eorpacha ENLIGHT
An Oifig Comhionannais, Éagsúlachta & Cuimsithe
An Oifig Taighde Institiúidigh
Alumni na Gaillimhe
Fondúireacht Ollscoil na Gaillimhe

Ár bPlean Straitéiseach do 2025 – 2030


Tá na hullmhúcháin á ndéanamh againn faoi láthair chun ár gcéad Phlean Straitéiseach eile don tréimhse 2025-2030 a fhoilsiú.

Is cuid den chathair agus den réigiún mórthimpeall an Ollscoil seo agus tá a shliocht sin uirthi. Tá sí á cothú ag na daoine a chónaíonn, a bhíonn ag staidéar, ag obair agus ag cruthú inti. Is as sin a thagann aidhm shoiléir na hOllscoile.

Sna blianta atá le teacht, bainfimid leas as buanna na ndaoine agus na háite, ag cur taighde agus oideachas ar fáil a bhfuil tionchar idirnáisiúnta acu. Sin é an ról uathúil atá againn mar ollscoil diantaighde a bhfuil naisc againn ar fud an domhain. Táimid suite i gcroílár na cathrach, cathair chósta atá beo bríomhar, cathair dhátheangach nach bhfuil a leithéid le fáil aon áit eile, saibhrithe ag an timpeallacht nádúrtha, earnáil chruthaitheach cháiliúil agus tionscail nuálaíocha spreagúla.

Ollscoil Ghaillimheach í seo. Agus, mar áit uathúil, is tionchar domhanda é ár dtionchar.

Gaillimh,
Áit ar leith

Tá cáil ar Ghaillimh ar fud an domhain mar ionad cultúir agus cruthaitheachta. Saibhrithe ag an nGaeilge, ag oidhreacht agus ag traidisiúin na hÉireann, tá naisc ag earnáil chruthaitheach na Gaillimhe ar fud an domhain mhóir, de bharr cleachtas cruthaitheach comhaimseartha agus teicneolaíochtaí nuálacha.

Tá an Ollscoil i gcroílár na gníomhaíochta seo. Cuirtear barr feabhais agus nuálaíocht chun cinn ní hamháin trí thaighde agus cláir sna healaíona cruthaitheacha ach trí chruthaitheacht sna curaclaim chomh maith. Ag obair le heagraíochtaí agus le féilte ealaíon na Gaillimhe a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta acu – ar eascair cuid mhór díobh as pobal na hollscoile – fáiltímid roimh na mílte cuairteoirí chuig imeachtaí ealaíon ar an gcampas gach bliain, agus caomhnaímid saothair thábhachtacha do na glúnta atá le teacht trí cheann de na cartlanna is fairsinge de chultúr na hÉireann ar domhan a bhainistiú. De bharr ár gcomhpháirtíochtaí le fada an lá le Féile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe agus le Compántas Amharclannaíochta an Druid tá comhoibriú láidir againn ó thaobh taighde agus rannpháirtíocht na mac léinn de sna healaíona cruthaitheacha.

Is ceannaire domhanda í an Ollscoil ag iniúchadh na nasc idir cruthaitheacht, teagasc, taighde agus an domhan mór.

Cathair nuálaíochta í Gaillimh ina gcuirtear taighde, sonraí agus teicneolaíocht i bhfeidhm ar bhealaí a mbíonn tionchar acu ar na hearnálacha sláinte, inbhuanaitheachta agus cruthaitheacha. Tá fiontair idirnáisiúnta agus dhúchasacha i nGaillimh i dteicneolaíocht, bogearraí, cibearshlándáil agus cluichíocht, agus tá cultúr gnólachtaí nuathionscanta faoi bhláth inti.

Mar cheann de shé mhol dhomhanda do theicneolaíochtaí leighis, tá Gaillimh chun tosaigh ó thaobh na nuálaíochta sláinte de. Tá naoi gcinn de na deich gcomhlacht teicneolaíochta leighis is fearr ar domhan anseo agus tá traidisiún láidir againn maidir le fiontair dhúchasacha a fhorbairt agus a mhéadú sa nuálaíocht sláinte. Tá comhpháirtíocht nuálaíochta na hOllscoile le Medtronic ag cur cúram sláinte chun cinn trí thaighde comhoibríoch agus trí fhorbairt a dhéanamh ar chláir STEM.

Tá an ollscoil fite fuaite in éiceachóras nuálaíochta na Gaillimhe, le comhpháirtíochtaí sa phobal taighde, le comhghleacaithe cliniciúla, eolaithe sonraí, agus le comhpháirtithe tionscail, idir idirnáisiúnta agus náisiúnta. Ó 2020, tá 21 seach-chomhlacht nua san Ollscoil agus tá 195 aireagán nua aimsithe rud a chothóidh an sruth nuálaíochta. Chuidigh na hIonaid Nuálaíochta ar an gcampas le breis is 100 gnólacht nuathionscanta a bhfuil €796m bailithe acu idir deontais agus infheistíochtaí – ag cruthú 3,365 post.

Tá éagsúlacht iontach de thírdhreacha agus muirdhreacha le feiceáil in Iarthar na hÉireann, lena n-áirítear córais fairsinge lochanna agus aibhneacha, éiceachórais tailte portaigh agus carst, agus an t-aigéan Atlantach atá lán le timpeallachtaí saibhre muirí. Is suíomhanna sainiúla an meascán de phobail uirbeacha, scaipthe tuaithe, cósta agus oileánda atá againn chun taighde gníomhach a dhéanamh ar dhúshláin sa tsochaí.

Is í an timpeallacht nádúrtha uathúil seo, agus na pobail sheiftiúla atá ina gcónaí anseo, ár saotharlann bheo le haghaidh teagaisc agus taighde atá ábhartha go domhanda i réimsí a bhfuil tionchar acu ar ár bpláinéad comhroinnte, amhail éiceolaíocht agus eacnamaíocht na mara, athrú aeráide, úsáid talún agus bithéagsúlacht, fuinneamh in-athnuaite, pobail inbhuanaithe, an geilleagar glas agus nuálaíochtaí i bhfoirgníocht.

Tá Gaillimh i nGleann Hidrigine na hÉireann agus í ag cur nuálaíocht chun cinn i bhfuinneamh in-athnuaite agus dícharbónú. Is sárshuíomh idirnáisiúnta é ár stáisiún taighde atmaisféir i gCeann Mhása le haghaidh sonraí ar chaighdeán an aeir agus ar an aeráid, agus cuireann Ionad Ríomhaireachta Ardleibhéil na hÉireann (ICHEC), faire na cruinne agus samhaltú comhshaoil chun cinn.

Mar aitheantas ar an obair seo, táimid rangaithe sa chéad áit in Éirinn ag Times Higher Education agus ar an 50 ollscoil is fearr ar fud an domhain maidir lenár dtionchar ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.

Is in Iarthar na Gaillimhe atá an líon is airde cainteoirí Gaeilge ar domhan agus is í an chathair seo agus an ollscoil seo an t-aon chathair agus an t-aon ollscoil in Éirinn a bhfuil stádas dátheangach acu. Bua ar leith na háite seo an Ghaeilge, agus a traidisiún cáiliúil béil, ceoil agus liteartha.

Tarraingíonn pobal na hollscoile inspioráid agus idirdhealú ó na pobail Ghaeltachta ar a bhfreastalaímid in iarthar agus in iarthuaisceart na hÉireann. Táimid bródúil as an ról atá againn maidir le hardoideachas agus taighde a threorú sa Ghaeilge, agus as ár gcartlanna saibhre Gaeilge, rud a chuireann lenár n-eispéireas ollscoile.

Cuireann na hionaid atá againn ar an gCeathrú Rua agus i gCarna i gCo. na Gaillimhe agus i nGaoth Dobhair i gCo. Dhún na nGall le forbairt acadúil, chultúrtha agus eacnamaíoch an dá réigiún Gaeltachta is mó sa tír. Leanfaimid ag cur leis na deiseanna atá ar fáil do thaighdeoirí agus d’fhoghlaimeoirí teagmháil dhíreach a bheith acu lenár bpobail Ghaeltachta uathúla.

Is í Gaillimh an chathair is éagsúla in Éirinn. Rugadh breis is ceathrú de dhaonra na cathrach lasmuigh d’Éirinn agus, dá bhrí sin, is cathair ilteangach chruthaitheach í a bhfuil dearcadh oscailte domhanda aici. Mar cheann scríbe turasóireachta, oideachais agus gnó idirnáisiúnta, fáiltímid roimh chuairteoirí agus roimh dhaoine cumasacha ó cheann ceann na cruinne.

Tá ról ar leith ag an ollscoil maidir le Gaillimh a nascadh leis an domhan mór. Tháinig timpeall 20% den fhoireann agus de na mic léinn anseo ó thar lear, rud a chuireann le saol an champais, na cathrach agus an réigiúin. Le breis agus 135,000 céimí ar fud an domhain, táimid bródúil as an tionchar domhanda a bhíonn acu ar fud na cruinne.

Tá tionchar domhanda ag ár dtaighde, ag cur le heolas, nuálaíocht agus polasaithe, go hidirnáisiúnta, agus tá comhoibriú ar bun ag ár bpobal acadúil le níos mó ná 5,000 institiúid in 178 tír.

Tagann na mílte toscairí go Gaillimh gach bliain ag comhdhálacha, agus tugann ár gcláir staidéir thar lear, cláir mhalartaithe agus scoileanna samhraidh deis do rannpháirtithe idirnáisiúnta taithí a fháil ar an áit ar leith seo ina bhfuilimid lonnaithe agus dul i ngleic léi.

Táimid i gcónaí ag cur le deiseanna soghluaisteachta fisiceacha agus fíorúla do na mic léinn agus don fhoireann trí chomhpháirtíochtaí domhanda agus táimid ag treisiú ár rannpháirtíochta le ENLIGHT, comhghuaillíocht de dheich n-ollscoil Eorpacha. Sampla amháin is ea ár gcomhpháirtíocht straitéiseach le Deloitte den chaoi a bhfuilimid ag líonadh na bearna idir an saol acadúil agus an tionscal chun tacú le soghluaisteacht idirnáisiúnta ár gcuid mac léinn.

Tosaíochtaí Straitéiseacha

  • Scála, tionchar agus cáil dhomhanda i sainréimsí feabhais taighde
  • Taighde a bhfuil tábhacht dhomhanda leis ar mhaithe leis an inbhuanaitheacht
  • Stiúir a thabhairt don bhorradh faoin nuálaíocht
  • An chéad ghlúin eile de thaighdeoirí den scoth a mhealladh agus a fhorbairt, agus tacú leo
  • Dul i gcomhar le comhpháirtithe ceannródaíocha chun go mbeidh tionchar níos leithne fós againn

Tacaíonn an Ollscoil le ról an bhonntaighde atá bunaithe ar fhiosracht maidir lenár dtuiscint ar an domhan a leathnú agus nuálaíocht a spreagadh. Tá ár bpobal taighde gafa le dúshláin dhomhanda, tosaíochtaí náisiúnta, agus riachtanais réigiúnacha. I dteannta a chéile, cuirimid fáilte roimh chur chuige idirdhisciplíneach agus rannpháirteach, i raon leathan disciplíní, agus imrímid tionchar trí chomhoibriú idirnáisiúnta. Cuireann ár dtaighde le saintréithe na háite, ag tabhairt le chéile ceithre cholún, a chuireann ar chumas Ollscoil na Gaillimhe tionchar ar leith a bheith aici ar an domhan trína cuid taighde.

Léiríonn Nuálaíocht don tSláinte láidreacht ár dtaighde ar thuiscint agus ar bhainistiú galar, teicneolaíochtaí agus feistí leighis, teiripic agus sláinte an phobail. Cuireann ár dtaighde nuálaíocht i gcosc agus i mbainistiú galar chun cinn. Tá sé ag athrú cleachtas agus polasaithe cúraim sláinte, agus ag feabhsú shaol na n-othar trí thrialacha cliniciúla ceannródaíocha agus réitigh shuaiteacha don tsláinte.

Léiríonn Cruthaitheacht, Cultúr & Pobal ár láidreacht sa chruthaitheacht, i gcleachtas ealaíon, sna daonnachtaí, sna heolaíochtaí sóisialta agus sa cheartas. Déanann ár gcuid oibre iniúchadh ar chleachtais chultúrtha thar thréimhsí ama agus ar fud an domhain. Trí rannpháirtíocht áitiúil agus dhomhanda, cuireann ár dtaighde ildisciplíneach ar ár gcumas castacht ár ndomhain a thuiscint agus freagairt do dhúshláin na sochaí trí chearta daonna, daonlathas agus ceartas sóisialta a chur chun cinn.

Léiríonn Timpeallachtaí Inbhuanaithe & Seasmhacha, ar muir agus ar tír, ár láidreachtaí idirdhisciplíneacha sna réimsí seo a leanas: muir, comhshaol, dícharbónú, tógáil inbhuanaithe agus sláinte an phláinéid. Tá tionchar ábhartha domhanda ag ár dtaighde ar éiceolaíocht agus eacnamaíocht mhuirí, athrú aeráide, úsáid talún agus bithéagsúlacht, fuinneamh in-athnuaite, pobail inbhuanaithe, an timpeallacht thógtha, agus ar pholasaithe a spreagann athrú dearfach. 

Léiríonn Sonraí Cinniúnacha & Intleacht Shaorga Thrasfhoirmitheach ár láidreachtaí san anailísíocht, sonraí, teicneolaíocht agus ríomheolaíocht. Ó bhonntaighde a chur chun cinn, go dtí múnlú polasaí ar úsáid fhreagrach, cuirimid i bhfeidhm taighde i séimeantaic agus in anailísíocht sonraí, intleacht shaorga, meaisínfhoghlaim agus ár gcumas ardfheidhmíochta ríomhaireachta chun tacú le taighde idirdhisciplíneach a thugann aghaidh ar dhúshláin dhomhanda.

  • Rogha ollscoile na mac léinn in Éirinn agus ar fud an domhain mhóir
  • Céimithe sainiúla na Gaillimhe a mhúnlú:
    • trí oideachas den scoth, bunaithe ar ár gcuid taighde, a chur ar fáil
    • trí eispéireas mac léinn ina mbeidh lámh chúnta le fáil
    • trí eispéiris agus caidrimh éagsúla
  • Deireadh a chur le constaicí a chuireann bac ar dhaoine freastal ar chúrsaí ardoideachais agus iad a chríochnú
  • An inbhuanaitheacht a bheith ina cuid dhílis de chláir uile na hollscoile
  • Leas a bhaint as an teicneolaíocht sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú
  • A bheith nuálaíoch i leith dearadh agus seachadadh curaclaim

  • Clár bunathraithe gnó
  • Uasghrádú a dhéanamh ar ár bpróisis agus ar ár samhlacha oibriúcháin
  • Infheistíocht a dhéanamh i gcórais agus i dteicneolaíocht shlán chun go ndéanfar cuíchóiriú ar phróisis
  • Cur lenár gcáil dhomhanda maidir le ceannaireacht inbhuanaitheachta
  • Ceannaireacht a fhorbairt san eagraíocht trí chéile
  • Cultúr comhchruthaithe a chothú

Maoiniú

€110m

i nDámhachtainí Taighde ón AE ó 2020 i leith

Infheistíocht

€87m

caite ar an taighde anuraidh

Comhoibriú

ENLIGHT

Ball Ollscoile Eorpaí, Líonra Coimbra d’Ollscoileanna na hEorpa

Gradaim

12

Ghradam Scoile Athena Swan

Misean

Ollscoil diantaighde, áit ina bhféachfaimid le cumas a chothú agus eolas a ghiniúint don domhan.

Fís

A chur ar chumas ár muintire féin tionchar a bheith acu ar an domhan trí chéile trí thaighde sainiúil, oideachas eisceachtúil agus eispéiris spreagúla do mhic léinn a chur ar fáil.

Tuilleadh eolais faoi Ollscoil na Gaillimhe

Eolas faoi Ghaillimh


Life in Galway City.

Tá Gaillimh ar cheann de na réigiúin is éagsúla in Éirinn agus tá an Ghaeltacht is mó sa tír inti agus, dá bharr sin, tá fuinneamh ar leith le mothú inti. Is cathair bhoihéamach í a bhfuil stair ársa aici ach, ag an am céanna, le “contemporary vibe” mar a chuir an Lonely Planet Guide síos uirthi. Tá idir shárchaighdeán acadúil, bheocht chultúrtha agus áilleacht nádúrtha le fáil i nGaillimh.

Agus í suite ar an Atlantach, ar imeall na hEorpa, tá cáil na cathrach daingnithe anois mar mhol cultúir agus nuálaíochta. Bíonn saol gnóthach ar an gcampas ag mic léinn i nGaillimh, agus baineann siad taitneamh as cultúr bríomhar bia áitiúil agus as féilte mealltacha a bhíonn ar siúl ó cheann ceann na bliana. Má thugann tú sciuird lasmuigh den chathair ar thuras lae, tá tránna áille, fothracha ársa agus sléibhte creagacha ann. Tá difear suntasach idir an costas maireachtála i nGaillimh le hais Bhaile Átha Cliath, agus bíonn rátaí cíosa 25% níos ísle ar an meán i gcathair na Gaillimhe i gcomparáid le Baile Átha Cliath (Tuarascáil Cíosa DAFT, Ráithe 4 2022). Tá campas na hollscoile suite i lár na cathrach, agus tá sé nasctha trí sheirbhísí bus le limistéir eile na cathrach agus leis na bailte máguaird.

Foghlaim tuilleadh faoin Saol i nGaillimh

Conas Iarratas a Dhéanamh


Is éard a bheidh sna hiarratais curriculum vitae iomlán ina dtabharfar mionsonraí gairme agus éachtaí, chomh maith le litir chumhdaigh ina ndíreofar ar an gcur síos ar an ról agus ar shonraíocht an duine. Iarrtar ar iarrthóirí sonraí teagmhála triúr moltóirí a thabhairt atá in ann na téamaí lárnacha sa chur síos poist a phlé lena n-áirítear Ceannaireacht agus Fís, Barr Feabhais Taighde agus Acadúil, Éifeachtúlacht Eagraíochtúil agus Rannpháirtíocht Sheachtrach agus Taithí Tiomsaithe Airgid. Chomh maith leis sin, d’fhéadfaí teistiméireachtaí breise a lorg le linn an phróisis. Tabhair faoi deara nach ndéanfar teagmháil le moltóirí gan cead a fháil roimh ré. Ba cheart iarratais a uaslódáil tríd an láithreán gréasáin anseo agus an uimhir thagartha 7740 a bheith luaite orthu.

 

Glacfar le hiarratais go dtí 5:00pm (Am na hÉireann), Dé hAoine, an 9 Bealtaine 2025.

 

Cuirfidh Perrett Laver réamhagallaimh ar na hiarrthóirí a bheidh ar an liosta fada ag tús mhí an Mheithimh. Ina dhiaidh sin tiocfaidh an Coiste Roghnaithe le chéile chun gearrliosta iarrthóirí a chur le chéile.

 

Tabharfar cuireadh do na daoine seo tabhairt faoi mheasúnuithe breise ag tús mhí Iúil, agus d’fhéadfadh tástálacha síciméadracha, deimhniú teistiméireachtaí foirmiúil agus gníomhaíochtaí rannpháirtíochta neamhfhoirmiúla a bheith i gceist leis na measúnuithe sin ach ní bheidh siad teoranta dóibh. Reáchtálfar na hagallaimh deiridh ina dhiaidh sin sa dara leath de mhí Iúil. Dhá bhabhta a bheidh i gceist leo.

 

In Ollscoil na Gaillimhe, déanaimid ceiliúradh ar an éagsúlacht agus creidimid go mbeidh peirspictíochtaí, buanna agus cuir chuige uathúla ag gach iarrthóir a chuirfidh le pobal na hOllscoile. Molaimid go láidir go dtiocfadh iarratais ó gach cúlra beag beann ar chine, reiligiún, bunadh eitneach, inscne, stádas teaghlaigh, stádas sibhialta, ballraíocht de Phobal na dTaistealaithe, claonadh gnéis, míchumas nó aois.

Téarmaí Tagartha

Téarmaí Tagartha an Choiste Cuardaigh
Téarmaí Tagartha an Choiste Roghnaithe

Campaign Leadership

Global Senior Partner

Dr Sinéad Gibney

Country Managing Partner, Ireland

Michelle Scanlon

Principal Research Associate, Europe

Claire Anderson

Head of Project Management, Europe

Karyn Malseed

Dr Sinéad Gibney

Global Senior Partner

As Global Senior Partner, Sinéad is responsible for the long-term strategic development of Perrett Laver alongside the acceleration of its commercial growth.

During her ten years at Perrett Laver, Sinéad established and led the firm’s operations in Amsterdam and Dublin, while continuing to grow Perrett Laver’s Research, Technology and Innovation, and Higher Education practices across Europe.

Sinéad’s experience at Perrett Laver includes advising on senior executive and non-executive appointments for universities, public and privately funded research institutes, as well as research-oriented charities and non-profits.

Sinéad holds an honours degree in Natural Science from Trinity College Dublin and a PhD in Neuroscience from University College Cork.

Michelle Scanlon

Country Managing Partner, Ireland

Michelle is a Managing Partner.

Michelle works in Perrett Laver’s Dublin office. She is a Partner, former Head of the Project Management team and has worked across a number of Perrett Laver’s global Offices including London, Chicago and Hong Kong. She works with organisations across our Global Higher Education, Sport, Social Impact and Health sectors.

Claire Anderson

Principal Research Associate, Europe

Karyn Malseed

Head of Project Management, Europe